Féile Siúil agus CainteTosnóidh do thuras ar an mbád agus tú ag fágáil do ghnáth shaol i do dhiaidh.Ag tabhairt aghaidh ar an saol a bhí ann fadó, gan trácht bóthair agus an siar agus aniar ghnóthach a bhaineann le saol an lae inniu.
Chomh maith le siúlóidí iontacha an oileáin atá maisithe le radharcanna álainne tá timpeallacht mara ina bhfuil míolta, deilf agus siorcanna.
I rith an deireadh seachtaine beidh seans agat siulóidí a dhéanamh le treoraithe áitiúla agus cúinní an oileán a aimsiú agus go leor caint a dhéanamh ar ábhair oileánda agus go leor eile. Tugann an féile seo seans do chuairteoirí an taitneamh céanna a bhaint as an áit draíochtach seo agus a bhaineann muintir an oileáin agus iad ag baint amach slí beatha ón t-iascach, an feirmeoireacht agus an turasóireacht.
Is deireadh seachtaine í seo dóibh siúd atá ag iarraidh é a thógáil go réidh ar feadh cupla lá agus sult a bhaint as an timpeallacht nadúrtha. |
|



