Suirbhé Pleanáil Teanga


Dia Dhaoibh,

 

Beidh suirbhé á dhéanamh againn ag baint le úsáid na Gaeilge ar Oileán Chléire. Meastar go dtógfaidh sé 15-20 nóiméad é a líonadh amach. Beidh an t-eolas ar fad ón suirbhé bailithe go hiomlán gan ainm. Ní bheidh an t-eolas a bhéas bailithe ar fáil ach amháin don phleanáil teanga.

 

Beidh muid ag scaipeadh an suirbhé an tseachtain dár tús an 29ú Bealtaine 2017. Beidh rogha an suirbhé a líonadh isteach ar an bhfoirm clóite nó ar shuíomh an Chomharchumainn (coimeád súil ar an spás seo don nasc). Beimid (Caoimhe agus Sadhbh) ag dul thart ó theach go teach ag bailiú an suirbhé agus ag cabhrú le líonadh amach más gá ón  Máirt 6ú Meitheamh 2017 ar aghaidh. Is é an sprioc dáta don suirbhé a bheith líonta isteach ná Aoine 30ú Meitheamh 2017. Is féidir dul i dteagmháil linn ar ríomhphost (ptcleire@yahoo.com) nó téacs a chur chuig 085 7204910.

 

Fáth don suirbhé: Is cuid do Straitéis 20 Bliana don Ghaeilge agus an próiséas pleanála teanga atá dá chur i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta atá ann. Is seans atá ann ionchur cothrom a thabhairt do gach duine i bhforbairt na pleanála teanga, agus tuiscint cuimsitheach a fháil ar thuairimí an phobal ar an dteanga agus ar fhorbairt an oileáin go ginearálta.

 

 

Táimid an bhuíoch don rannpháirtíocht

Go raibh maith agaibh,

Caoimhe agus Sadhbh.

Cruinniu Chinn Bhliana

30 Samhain 2013


Fógra

Comharchumann Chléire Teo, Oileán Chléire, An Sciobairín, Co Chorcaí.

 

Cruinniú Chinn Bhliana

 

Reactáilfear Cruinniú Chinn Bhliana an Chomharchumainn ar an Satharn 30 Samhain 2013 ag 8.00 pm i gColáiste Phobal Chléire, Crathach, Oileán Chléire.